Mar a bhí ráite, bhí Béal Feirste mar áit í féin, clúiteach ó thaobh na tionscadal de agus a cuid luachanna. In 1778 bhunaigh muintir na cathrach ‘Óglaigh Bhéal Feirste’ , eagraíocht le haghaidh an chathair a chosaint ó ionsaithe ón Fhrainc nó ó thír eile. Bhí páirt lárnach ag muintir Mhic Reachtain i mbunú na heagraíochta agus bhí siad mar pháirt den toscaireacht a chuaigh go comhdháil na nÓglach i nDún Geanainn i 1782. Bhí luachanna forásacha Óglaigh Bhéal Feirste á léiriú ag an chomhdháil nuair a mhaígh siad vótaí a thabhairt do Caitlicigh na hÉireann, dhiúltaigh na hÓglaigh ó na chontaetha eile an glacadh leis an mholadh. Bhí Óglaigh Bhéal Feirste thar a bheith maith ag tabhairt tacaíochta do Chaitlicigh na cathrach, mionlach ag an am. Lig siad de na Caitlicigh a bheith mar bhail den eagraíocht in 1783, mháirseáil na hÓglaigh ag oscailt teach an phobail Naomh Mhuire 1784 agus d’íoc siad £84 i síntiús.

Bhí lorg na cathrach ar na hÓglaigh, cé gur eagraíocht a thacaigh le Caitlicigh, bhí siad ag iarraidh saorthrádáil a bhaint amach leis na Stáit Aontaithe agus áiteanna eile, a bhí coiscthe ag Sasana. D’fhreastal cuid mhór de na hÓglaigh ar eaglais Killburn ar shráid Rosemary. Ba eaglais forásach í eaglais Killburn, bhí an t-urramach féin fiú mar bhaill de na hÓglaigh. Anseo, cuireadh prionsabail ar nós saoirse na polaitíochta, na freagraíochta sóisialta agus caoinfhulaingt reiligiúnach chun cinn. Níorbh fhada gur tháinig claonadh radacach chun cinn i measc na nÓglach agus is as an chlaonadh sin a d’fhás Cumann na nÉireannach Aontaithe. Mhaígh Samuel Neilson eagraíocht rúnda a bhunú i rith an tsamhraidh 1791, i mí Dheireadh Fómhair na bliana sin bhuail an coiste rúnda le chéile i dTígh Barclay’s i gcúlbhealach Sugar House agus áit ar bunaíodh Cumann na nÉireannach Aontaithe. Bhí Theobald Wolfe Tone agus Thomas Russell i láthair ag an chruinniú sin, daoine mór le rá ó thaobh na sochaí agus polaitíochta de. Ba chumann é a theastaigh leasú bunreachtúil, aontacht na ndaoine agus deireadh le idirdhealú reiligiúnach ar dtús báire seachas réabhlóid.

Sna blianta ina dhiaidh, chuaigh an cumann i dtreo polaitíocht níos radacaí. Bhí teannas ag tógáil idir muintir Bhéal Feirste agus na húdaráis, bhí círéibeacha ann idir na hÓglaigh agus na húdaráis. In 1793 cuireadh an tAcht um Púdar Gunna agus tionól i bhfeidhm le cinntiú go raibh cosc ar na hÓglaigh airm a thógáil.