Ba dhaoine díograiseacha cultúrtha iad Anraí Seoigh agus Máire Áine Mhic Reachtain, bhí baint ag an bheirt seo leis an fhéile chliútach, ‘Féile na Cláirsí Bhéal Feirste’ a bhunú i 1792. Thit an fhéile amach thar thar trí lá idir an 11-14ú Iúil 1792 sna seomraí tionóil in aice le Sráid Waring. Féile stairiúil ab í Féile na Cláirsí Bhéal Feirste, an chéad fhéile dá chineál i mBéal Feirste agus léirigh an fhéile an dioscúrsa a bhí ann agus a raibh le teacht

Ní mór trácht a dhéanamh ar Edward Bunting, fear a raibh mar chroílár gníomhaíocht cultúrtha chlann mhic Reachtain. Ba cheoltóir agus bailitheoir ceoil traidisiúnta é Edward Bunting agus bhí cónaí le clann Mhic Reachtain óna raibh sé 11 bliana d’aois agus é mar phrintíseach de chuid an orgánaí William Ware. Ba ghnáth le Bunting poirt a chasadh go rialta i dteach Mhic Reachtain, agus thaitin na poirt go mór le John McCracken go háirithe. Nuair a cuireadh tús le Féile na Cláirsí Bhéal Feirste i 1792 bhí freagracht ag Edward Bunting ceol traidisiúnta na hÉireann a tras-scríobh, agus tá sé ráite go raibh spéis mhór tagtha ar an cheol traidisiúnta de thairbhe obair tras-scríobh Edward Bunting. D’fhoilsigh Edward Bunting ‘The Ancient Music Of Ireland’ le trí imleabhar, an chéad imleabhar bunaithe ar na hamhráin a bhailigh sé ó Fhéile na Cláirsí, an dara imleabhar i 1809 agus an tríú himleabhar i 1840.

Bhí baint nach beag ag Máire Áine, mar rannpháirtí gan ainm, leis an dara himleabhar de chuid Edward Bunting a chur le chéile. D’imir Máire Áine ról lárnach i mbailiúcháin Edward Bunting, d’fheidhmigh sí mar rúnaí neamhoifigiúil do Bunting, chuir sí é féin i dteagmháil le ceoltóirí agus daoine cuí fud fad na tíre tríd a teagmhálaithe féin.