Bhí Máire Áine i gceannas ar choiste chealú sclábhaíochta na mban nuair a bhí an ghluaiseacht chealú na sclábhaíochta faoi lán seoil. I rith an 19ú haois déag, tháinig laghdú ar spiorad an radacachais i mBéal Feirste i gcomparáid leis na 1790í, mhaígh Máire Áine “I am both ashamed and sorry to think that Belfast has so far degenerated in regard to the Anti-Slavery Cause”. Cé gur tháinig athrú ar Bhéal Feirste, d’fhán Máire Áine dílis do phrionsabail s’aici go dtí an lá a cuireadh sa talamh í. Ag 89 bliana d’aois bhí sé go fóill ag scaipeadh bileog chealú na sclábhaíochta amach ag na dugaí i measc na n-imirceach a bhí ag dul chuig na Stáit Aontaithe, áit a raibh an sclábhaíocht go fóill dleathach. Fuair Máire Áine bás ar an 26ú Iúil 1866.

 

B’fhorásaí í Máire Áine Nic Reachtain, duine chun tosaigh ar lucht a linne ó thaobh na polaitíochta agus ó thaobh cúrsaí sóisialta de. Mhol sí comhionannas idir mná agus fiú, i gCumann na nÉireannach Aontaithe. Bhí ról lárnach aici i gcoiste na mban, eagraíocht a rinne obair ar son daoine bochta agus teach na mbocht i mBéal Feirste. Mar gheall ar obair Mháire Áine, bunaíodh scoil agus naíscoil ar son dhílleachtaí na cathrach. Bhí freagracht ar Mháire Áine as múinteoir a cheapadh do na scoileanna agus rinne sí a seacht ndícheall múinteoir a cheapadh a raibh oideachas ardchaighdeán air agus a thacódh le cúiseanna Mháire Áine. D’oibrigh Máire Áine go smior i dTeach na mBocht (Teach Clifton) ó aois óg, tá sé ráite go raibh sí i mbun éadach a dhéanamh do pháistí Theach na mBocht. D’oibrigh sí i dTeach na mBocht agus í níos sine mar chathaoirleach Chumann Carthanachta Bhéal Feirste. Is léiriú é sin gur saothrú gan chúiteamh a bhí ann, coinníollacha dhaoine bochta na cathrach a leasú. Agus Máire Áine mar bhean ghnó, sheas sí amach ón lucht eile gnó. Agus comhlachtaí eile ag briseadh oibrithe as postanna nuair a bhí géardheacrachtaí eacnamaíochta ann, a mhalairt de rud a rinne Máire Áine, dúirt sí “could not think of dismissing our workers, because nobody would give them employment”.

Chuidigh Máire Áine leis na hÉireannaigh Aontaithe idir eagrú agus go praiticiúil, mar shampla nuair a bhí Anraí Seoigh agus a chomrádaithe ar a seachaint sna sléibhte i ndiaidh chath Bhaile Aontroma, ghlac Máire Áine acmhainní chucu go rialta agus d’eagraigh sí bealaigh chun iad a thabhairt slán. Tógadh Máire Áine ar An tShráid Ard ach bhog sí agus a clann ag dul idir Sráid Rosemary, Sráid Dhún na nDall agus Donegall Pass. Thug Máire Áine cúram de Maria Bodel, iníon tabhartha Anraí Seoigh Mhic Reachtain go dtí go bhfuair sí bás ag 96 bliana d’aois. cuireadh í in uaigh neamh-mharcáilte sa reilig Clifton, ar chúl Theach Clifton. D’fhán uaigh Mháire Áine neamh-mharcáilte go dtí 1902 nuair a baineadh corp a deartháir Anraí Seoigh Mhic Reachtain ó thalamh Naomh Seoirse agus cuireadh san uaigh chéanna iad sa reilig ar Shráid Clifton.

 

Bhí Anraí Seoigh ina fhear gnó ag taisteal fud fad na tíre agus d’úsáid sé a phost mar chlúdach chun craobhacha eile de chuid Chumainn na nÉireannach Aontaithe a bhunú in Éirinn. Rinne na húdaráis Anraí Seoigh a ghabháil agus cuireadh go Príosún Chill Mhaighneann é i nDeireadh Fómhair 1796. Scaoileadh saor ar bannaí é, ach chuaigh Anraí Seoigh díreach ar ais i mbun phleanáil na réabhlóide ó thuaidh. I ndiaidh cruinnithe le ceannasaíocht Chumann na nÉireannach Aontaithe i mBaile Átha Cliath, agus cruinniú eile in Aontroim, ceapadh Anraí Seoigh mar cheannaire ar eagraíocht an Chumainn in Aontroim. D’fhógair Anraí Seoigh forógra ar son airm in Meitheamh 1798, agus an lá dár gcionn ar an 7ú lá, d’ionsaí na hÉireannaigh Aontaithe baile Aontroma. Cé go raibh rath orthu sa chéad dul síos, tháinig trúpaí breise Shasana agus fuair arm Shasana an lámh in uachtair ar na réabhlóidithe.

 

D’éirigh le hAnraí Seoigh éalú ó fhórsaí na corónach, d’imigh sé leis agus slua de chuid na nÉireannach Aontaithe ar a seachaint sna sléibhte. Chuidigh muintir na tuaithe leis agus chuir Máire Áine teachtaireachtaí, airgead agus acmhainní chucu fosta. Rinne Anraí Seoigh iarracht imeacht chun na Stáit Aontaithe ach gabhadh é nuair a d’aithin fir eile ghnó é. Tugadh rogha de Anraí Seoigh, ghéill is ainmneacha cheannairí eile na ceannairce a thabhairt do na húdaráis agus gheobhadh sé trócaire, nó bás. Níor ghéill Anraí Seoigh agus cuireadh chun bás é ar an 17ú mí Iúil i gCorn Market, an áit céanna a bhronn a sheanathair ar an chathair roinnt blianta roimhe sin. Cuireadh Anraí Seoigh Mhic Reachtain i bparóiste Naomh Seoirse Bhéal Feirste ar dtús. I 1902 thóg Francis Joseph Bigger corp Anraí Seoigh Mhic Reachtain agus chuir sé Anraí Seoigh sa reilig Clifton, san uaigh chéanna le Máire Áine.

 

Ba dhuine lárnach é Anraí Seoigh Mhic Reachtain i bpolaitíocht na tíre seo ag an am, go háirithe sa tuaisceart, ba eisean agus ceannairí eile a thug faoi mhóid ar bharr Bheann Mhadagáin